Obair ón mBaile

Cosúil le go leor daoine, bhí mé ag obair ón mbaile le cúpla mí anuas. Is innealtóir bogearraí mé, agus táim ag obair ón mbaile go seachtainiúil le cúpla bliain. Mar sin, is gnáthrud domsa é, agus is maith liom é.
I mhí an Mhárta, thosaigh mé agus mo chomhghleacaithe ag obair ón mbaile gach lá. Ag an tús, bhí a lán áthas orm mar is breá liom ag obair ón mbaile. Tá oifig ciúin agus compordach agam sa bhaile, codlaím níos fearr, nílim a bheith buartha faoi thrácht, tá níos mó t-am agam chun cócaireacht agus aclaíocht a dhéanamh, srl. Bhí mé ag iarraidh obair mar seo le blianta. Mar sin, cén fáth nach bhfuil mé sásta cúpla mí ina dhiaidh sin?
Bhuel, ag an tús, bhí an aimsir go an-mhaith. Chuaigh mé go dtí an trá gach deireadh seachtaine, bhí mé i mo ghairdín ag caint le mo chomharsana, agus chuaigh mé ag siúl sa chathair, féarbhealaí, agus cnoic. Áfach, nuair a d’athraigh an aimsir, d’athraigh mé freisin. Ní raibh mé in ann snámh san fharraige, níor bhain mé taitneamh as siúl mar bhí sé ag cur báistí. Ní raibh mé in ann caint le mo chomharsana. Bhí an grian imithe ar a 4 a chlog. Bhraith mé go raibh gach rud níos deacra.
Anois, táim sásta arís. Thosaigh mé ag léamh agus ag déanamh cróise arís, mar níl an ghrian uaim chun iad a dhéanamh. Thosaigh mé ag staidéar níos mó Gaeilge freisin. Táim ag díriú ar mo chaitheamh aimsire faoi dhíon anois, agus braithim i bhfad níos fearr. Tá gnáthamh geimhridh agam anois, agus táim sásta arís. Athraím leis na séasúir!
Comments